an Drochshaol

Lobhadh ar bharra na bprátaí a mba chúis leis an nGorta Mór.  Adúradh, i gcaint leataoibh, in eagarthóireacht sa London Times, ar an 21/12/1854, faoin nGorta in Éirinn:

“Maidir leis na h-Éirinnigh, trioblóideach i gcónaí, tá siad imithe – is é sin, tá an barrachas díobh imithe – is ní seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann”.

Bhí na ceantair ba mheasa a raibh tionchar orthu san Iarthar agus sa Deisceart: na ceanntair a raibh an Ghaeilge beo iontu.  ‘Nár dteangain, tugtar an Drochshaol ar an tréimhse seo.  Do b’é i 1847, a dtugtar ‘47 Dubh ’ air, do ráinig an t-uafás ba mhó.  Fuair timpeall 1 mhilliún duine bás ar an iomlán – theith níos mó ná 2 mhilliún ón tír.  Deirtear nárbh fhiú na daoine go léir a chomhaireamh.

Le linn 1845 go 52, rinneadh Campa Báis den tír uilig, nuair a rinneadh fásach folamh di, le h-ocras agus galar.  Níor theastaigh ón lucht cinsil ach daonra laghdaithe a fheiceáil – oiriúnach do chleachtais talmhaíochta nua.  Sa bhliain 1847, an bhliain ba mheasa den Ghorta Mhór, thug 4,000 árthach bia as Éirinn go Bristol, Glaschú, Learpholl agus Londan.  Cinnte ba chuma leo.