Sochaí a bunaíodh i 1791 í, Na hÉireannaigh Aontaithe. Spreag an chos ar bolg choilíneachta na Ceanairí chun éirí amach, agus inspioráid fachta acu ó Réabhlóid Mheiriceá (1775 go 83) agus Réabhlóid na Frainnce i 1789. B’í aidhm na gluaiseachta ná saoirse a bhaint amach d’Éirinn.
Bhí go leor Protastúnach prionsabálta d’Eaglais na hÉireann sa cheannaireacht. Don chuid ba mhó, ba Chaitlicigh agus Easaontóirí (Preispitéirigh Uladh) iad na baill. B’íospartaigh an dara grúpa seo faoi na Péindlíthe chomh maith, a dúradh fútha gurb iad ‘an t-inneall ba ghaoisíghe, mionsaothraithe – do chum cos ar bolg, bochtanas agus díghrádú a dhéanamh ar daoine – a tháinig ariamh ó intinn saobhtha an duine ’.
Adúirt an Ginearál Sasanach Lake: “Táim cinnte go gcaithfidh an comórtas a bheith idir an t-arm agus na daoine”, .i. b’é a bheartas ná an-chéasadh gan idirdhealú. I mBéal Átha Í, Co Chill Dara, ar an 1ú Bealtaine, 1798, bhí Triantáin le feiceáil don chéad uair. Ceanglaíodh íospartach go struchtúr triantánach adhmaid agus annsin tugadh léasadh dó, go ndeachaigh sé a ‘dhéag – mura raibh faisnéis le tabhairt aige dóibh. Bhí sciúrsáilithe deasacha agus ciotacha. Rinne siad an sciúrsáláil i dteannta a chéile. Nuair a d’éireodh sciúrsálálaithe tuirseach, cuirfí daoine eile ina n-ionad, lena chinntiú go leanfaí ar aghaidh leis an gcéasadh, ag baint craicinn, matán agus fola ón gcréatúr.
Baineadh úsáid as ‘an Croch Taistil’ iniompartha le haghaidh Leath-chrochadh. Crochadh íospartaigh thar dhroim saighdiúra nó ó struchtúr adhmaid. Athmhúsclaíodh iad, gach uair a chaill siad an an mothú ón tachtadh.i Tugtaí ‘Picéadú’ ar nós imeachta eile – fágadh an t-íospartach ar chrochadh ach d’fhéadfadh sé seasamh ar feadh achair, dá mbeadh sé in ann, ar gheallta ghéara, bhioracha. Nuair a bheadh sé gar don bhás, ligfí síos é, athmhúsclaíodh agus crochfaí arís é. Déanfaí é seo go dtí go mbeadh sé chomh maith an t-íospartach a fhágáil ar chrochadh.