Ceiltigh Ghaelacha sinne.
Is Siúracha ríoga sa bhéaloideas iad – Éire, Banba agus Fódhla. Cosnaíonn Éire ár dTír. Tá baint ag Banba lenár gCosaint ⁊ ag Fodhla le Scoláireacht. Trí saintréithe riachtanacha. Ach cá h-as ar dtáinig muid?
An Sean-am
Chríochnaigh an Uasteorainn Oighreach Deireannach timcheall ar 6500 i.Ch. D’imíomar, Prótaicheiltigh, ónár gcéad baile – die Urheimat – ó thuaidh den Mhuir Duibh, timcheall ar 1000 i.Ch. Cruthaíonn seandálaíocht teangeolaíochta nascanna le hInd-eorpaigh eile. Tré thíortha gan mhilleadh d’imigh Prótaicheltigh ⁊ Prótaighearmáineacha thiar agus Prótaicheltigh ⁊ Prótind-airiasaigh thoir.
Bhí dlúthbhaint an Ceiltigh san Eoraip le cultúr Hallstatt agus le cultúr na Iarainnaoise Deireanaighe, a leathnaigh amach ón Spáinn go Galatia (na Túirce).
Bhuanaigh na portaigh roinnt de chorpanna ár sinsir. Mhéadaigh cumhachrt na Róimhe ar fud na hEorpa i ndéidh briseadh na Cimbrí Ceilteach agus na Teutones Gearmáineach, sa bhliain 102 i.Ch.
Nighean Thaoisigh Ultaigh í Derdriu, a bhí i ngrá le Naoise, mac Uisliu, ball de Ridirí na Craoibhe Rua, go mór i mbéal an phobail, ó aimsir La Tène (500 r.Ch.) ar aghaidh.
I ndéidh titim na Róimhe, chuidigh manaigh ó Oileán na Naomh agus na nOllúna le cultúr bunaithe ar an Laidin a athchruthú san Euraip. Chuaigh siad chomh fada soir le Cíbh na hÚcráine. Ach, le himeacht na haimsire, cuireadh deireadh lenár gcultúr álainn Gaelach amhail is a rinneadh le gach a rabh Derdriu ⁊ Naoise ag tnúth leis. Lenár scoláirí laochúla curtha ag an Stair, fágadh gan ghuth sinn.
Tá muidinne, Muinntir Ghaelach Mhuigheo, ag seasamh annseo chun dul i dTeagmháil libh.
Is iargúlta ár gcomhluadar agus is bríomhar, áit a bhfuil timcheallacht gan mhilleadh inti. Tá ard-mheas ar sean-nascanna leis an Eoraip againn: go mór-mhór leis an bhFrainnc ⁊ leis an nGearmáin.
Fionntraithe sinn. D’fhág na glúnta a d’imigh romhainn rian láidir ar Mhór-roinn na hEorpa. Annseo i Muigheo, tá seandálaiocht a thaispeánas an chéad choilíniú den Mhór-roinn.
Gríosófaí sinn, ag an Nádúr, le goidé a luíonn taobh istigh nó amuigh dár n-intleacht a cheistiú. Cé’n fáth a chumann Tionchairí sluáin shéimhbhladracha, le deireadh a chur le fíorsmaoineamh neamhspleách? Cé’n fáth gur cuma lenár gcuid ceannairí neamhtheanna scrios an Nádúir?
Corrán Buí (Yellow Crescent) – Gnáthóg Féarach
Tá cuma chorráin ar an mbaile fearainn: uaidh sin a thagas an t-ainm. Ar cheann desna machair is sainiúla sa tír an Corrán Buí: dumhcha cothroma, atá tábhachtach d’eolaíthe.
Sean-Iomairí
Baineadh sean-iomairí le ráinn. Cuirtí fataí iontu. Ní thugann an téarma Sacsanach neart creidiúna don mhéid oibre i gceist. Níor baineadh an fód faoin iomaire fhéin, ach gearradh fóid ar gach taobh de, agus rinneadh clais ar an gcaoi seo. Leagadh na fóid ar an iomaire.
Do chuairteoiri Fhranncacha agus Ghearmánacha
Feiceann sí sibh! Is cuimhin lena muinntir na sean-nascanna leis an bhFrainnc is leis an nGearmáin. Is féidír go mba mhian léithe Saoránacht Oinigh Phoblacht Napoléonach Chonnachta a thabhairt duit ~ nó Doctúireacht Oinigh ón Schottenkloster Ratisbons (Regensburg). Chuidigh mainistreacha, a bhíodh annseo, lena reachtáil sin, nach bhfuil ach fothracha díobhtha le feiceáil anois ann.
Déarfaidh an treoraí go nglactar gur daoine atá ar aon dóigh le Gaeil iad, na cuairteoirí. Cha rabh stádas mar aicme ar leith acu, ón nGorta Mór, i 1845 ar aghaidh. Ach níor athraíodh na luachanna Gaelacha thar na blianta.
Comhroinnimid cuid mhaith de rudaí libh. I bhur dteannta, ceiliúraimid stair an am ‘schuaigh thart – le teann stair an lae amárach a shamhlú.
An Ghearmáin
Muna cuirtear ina choinne é, téann daoine ar thóir an chultúir Cheiltigh, ar fud an domhain, toisg an chothramaiocht eadar cleachtas praiticiúil agus gliondar pearsanta ata ann.. Sa Ghearmáin feictear an t-ádh dearg ortha, ‘gus iad ag cleachtadh an damhais Ghaelaigh.
München, Bayern, an Ghearmáin – 2018: Cailíní Ceilteacha ó Gymnasium Theresia Gerhardinger – ag an bParáid ar Lá Fhéile Pádraig.
Annseo in Iarthuaisceart Mhaigh Eo – cnámh droma an fhíorchultúir Cheiltigh, uaidh seo ‘gus comh fada leis an tSín.
Bhí an Cheiltis agus an Ghearmáinis comhintuigthe tráth. Fuarthas uaigh fhlatha Cheiltigh, dar dáta c550 RC, in aice le Hochdorf an der Enz, i Baden, i 1977. Bhí bróga maisithe le h-ór aige, torc órphlátáilte, crios, bráisléid agus dealga – agus míodóg iarainn maisithe le hór agus truaill míodóige óir. Fágtha i riocht mhaith, taispeánann an uaigh gur chónaigh an dá phobal i síocháin agus rathúnas acu. Meastar gurb é ‘Tutankhamun na gCeilteach’ an flaith.
Tá nascanna nach beag eadar an Gheadhealg is an Ghearmáinis, maille le graiméar agus an stór focal. Is féidir go leor ainmneacha agus logainmneacha Gearmánacha a mhíniú tré Ghaedhilg (Ciallaíonn Alp, nó Ailp i nGaeilge, ‘sliabh’). Incurtha le sin, tá Rhone, Rhine, Bonn ⁊rl.
I 2011, rinne saineolaithe ón nGearmáin scrúdú ar uaigh mhná uasal Ceiltighe i gcroílár Ceilteach na Danóibe. Caomhnaíodh an uaigh ag an ithir rí-fhliuch. Dátaíodh adhmad darach an urláir agus léiríodh go bhfuair an bhean bás i 609 r.Ch.
Ornaíodh an bhean le seodra óir agus ómra. Go deimhin, fuarthas thart ar 80 tonna d’ór. Léirigh sé seo go raibh ord sóisialta agus ordlathas uaslathach ag na Ceiltigh ag dul siar sa stair.
An Fhrainnc
Baineann Prótaicheltis leis an ngrúpa Ind-Eorpach, agus uaithi sin a thagas na teangacha eile Ceilteacha. Sa 1ú mílaoise r.Ch., bhí teangacha Ceilteacha le cloinstin i gcuid mhaith den Eoraip agus den Áise Bhig. Is teangacha col ceathracha iad an Ghaeilge agus an Bhriotáinis.
Clúdaíonn stór Louis-Jacques Suignard, ceoltóir Briotánach, amhráin thraidisiúnta na hÉireann agus na Briotáine araon – arna n-áirítear gwerzioù agus sonioù – caointe agus bailéid. Mar gheall ortha seo, tá clú agus cáil ar a bhanna. Ó cuireadh an coincheap ‘Nascadh’’ i bhfeidhm, sna 1950idí, tá níos mó ná 150 bailte agus sráidbhailte Francach agus Éireannach nasctha – ag aimsiú bealaí cruthaitheacha idirghníomhacha ina gcultúr inchurtha.
Nascadh Deauville le Contae Chill Dara. Nascadh Brest le Dún Laoghaire agus na hAntibes le Cionn tSáile. Dá bhrí sin d’eascraígh cairdeas, malartú earraí agus gnó mór eile eadar an dá thír.
Bhí tionchar ag an gcultúr Ceilteach, le fada an lá, sa bhFrainc – agus cruthaíonn seandálaíocht thar barr é seo.
I 2015, rinne seandálaithe sa Fhrainc tochailt ar sheomra adhlactha Phrionsa Cheiltigh mhóir, ó c500 rCh. Sa t-suíomh, fuarthas a charbad, coire maisithe cré-umha, vása a thaispeánann dia fíona agus eacstais na Gréige – Dionysus – agus déantúsáin eile. Tá an tuama ann, sa réigiún Champagne, ón tréimhse Ceilteach Hallstatt.
Is sár-obair ealaíona Ceilti an Clogad deasghnách Agris (le Casque d’Agris – c. 350 rCh), a fuarthas in uaimh in aice le Agris, Charente, sa bhFrainnc, i 1981. D’úsáidfí é maille le haidhmeanna deasghnácha. Tá an caipín iarainn clúdaithe le bandaí cré-umha. Tá gach re ceann acu clúdaithe le duille óir íon. Tá aige sin maisiúcháin choiréalacha, ceangailte le seamanna airgid. Tá an clogad maisithe den chuid is mó le patrúin luath-Cheilteacha ach, ina theannta le sin, tá móitífeanna níos déanaí ann agus móitífeanna faoi thionchair Éatrúscacha agus Gréigeacha.
An t-Sin
Chuaigh Tocáraigh ar imirce ó Iarthar na h-Eoráise go h-Abhantrach Tarim na Síne, chomh luath le 2000 RC (a bhfaightear mumaithe uathúla Tarim ann). Labhraíodh an Tocáiris (teanga Ind-Eorpach) i gceanntar Bhóthar an t-Síoda. Feictear go bhfuil baint aici le Prótaicheiltis. I scéalta traidisiúnta Indiacha, ar ríogachtaí lastall desna Himiléithe, deirtear go raibh cultúr Ind-Eorpach acu. Le cur faoi dear – an Cúige Takhar (‘Cúige na dTochárach’) san Afghanastáin – ina labhraítear teanga Ind-Eorpach go dti an lá atá indiubh ann .i. Paisteo.
Sa bhFásach Taclamacan (Imchuach Tairim), dataíodh ag c1000 r.Ch.mumaí fireann, le crot Eorpach aige, gruaig scothdhearg is cnámha leicinn arda. 6’ ard, chaith se léine dearg corráin, le luiteoga breacáin. Sa bhliain 2007, thaispeán a chuid AND gur de threibh Cheiltigh é. Ar an gcaoi céanna, bhí mumaí baineann a raibh gruaig dhonn éadrom aici, scuabtha is bréadaithe. Chaith sí gúna dearg adhlactha, a haghaidh daite le dearadh curlála.
Clúdaíonn an Shiji (Taifid an Ard-Stairí) stair na Síne ó c2500 RCh go 93 RCh. Ag tosú ó 2000 RCh, ba phríomhionad idirghníomhaíochta, idir Eurasia thiar agus thoir, an t-Imchuach Tarim.
Is féidir na Carachtair Síneacha, na hànzì, a scríobh i Sínis Thraidisiúnta (漢字) nó i Sínis Simplithe (汉字), ó 1949. Tugadh an cló Rómháinithe pinyin isteach sa bhliain 1958. Tagann an seanchló ón 2ú mílaoise déanach RCh – an cló is sine in úsáid ar Domhan. Déantar forbairt i gcónaí, i slite éagsúla, ar na Carachtair, a bhféadfadh 3-4,000 díobhtha a bheith ar eolas ag scoláirí, curtha san áireamh glacadh le focla nua.
Pinyin chuán dōu hen shuí tiān kàn dào mì bi ma quan é
Chinese Boat both very who day look road honey pen = in English mare dog goose
– ní fuaimnítear an Ghaedealg cosúil le Béarla sgríobhtha leis na litreachaibh céanna – ⁊ infhilltear í
Celtic *kaφno- dua a cues dios ad·condairc duro milIssis bennā marco cunā gegdos
[Tá an fhréamh m-r- do chapaill le fáil go forleathan, ó Éirinn go dtí an Chóiré. Sa t-Sínis, tá ‘ma’ cosúil go dlúth le ‘marc’ sa t-Sean-Ghaedhilg {tá ‘merha’ (láir) sa t-Sean-Ardghearmáinis gar freisin}. Is téarma sa teangeolaíocht é Sioncóp, le haghaidh chrapadh laistigh d’fhocal, ó fhuaim ghuta nó litreach a chailliúint. Is Apocóp téarma le haghaidh chailliúint (bá) aon fhuaim deiridh (ar a n-áirítear consain) ó fhocal. Is sócháin iad Séimhiú agus Neartú – ina n-athraíonn an chonsain ó cheann a mheastar a bheith neartmhar go ceann a mheastar a bheith lag – nó a mhalairt. Brathann fianú fhocla ghaolmhara, mar ghrúpa, ar a líon agus ar cur i bhfeidhm rialacha athraithe teangan. Déanann siad seo, mar aon le sleamhnú brí thar am, níos deacra focla gaolmhara a aithint.]
Is féidir le grúpaí Síneacha, a thagas go Ceathrú Thaidhg (Ceanntar na Clainne Tadhg – filí do Ríthe Chonnachta), clárú mar bhall d’Ord Ridirí na Craoibhe Rua agus ómós a dhéanamh dár mBanríon Ní ya- 尼雅 – as ríocht ársa – taobh le Chotan (Sindiang).