Gráinne O’Malley – An Bhanríon Bhradach mar a thug Sasannaigh uirthi

Rugadh Gráinne i 1530, i gCaisleán Oileán an Chláir, Contae Mhaigh Eo. Bhí a clainn ag longseoiteacht i bhfad sular tháinig na Normánaigh (1172).  B’é ‘Terra Marique potens’ (Cumhachtach ar Talamh is ar Mhuir) mana an teaghlaigh.  Bhí longa Ghráinne ag trádáil leo le hAlbain, leis an bhFhrainc, an Spáinn agus an Libia.

Bhí iomaíocht mharfach ann idir chohóirt Ghaelacha, Gàidhealacha, Sasanacha, galldaithe agus Normánacha ag an am.  Chonaic Gráinne, agus í ina girseach, gur tháinig daoine slán a fuair an bua ar a gcuid naimhde.  Ag brath ar Ghinealach, bhí sé leagtha síos ag Dlíthe na mBreithiúna, an leibhéal cumhachta polaitiúil cuí a mbeadh ag ceannaire.  Bhí idirspleáchas casta idir chlannaibh.

Ba mhian le Gráinne dul amach ar an bhfarraige. Bhí a máthair ag iarraidh uirthi Gàidhlig, Frainncis agus Laidin a fhoghlaim – lingua franca na n-uasal. D’impigh Gráinne ar a hathair í a thabhairt leis chun na Spáinne. Oileadh go maith í, ámh. Tugadh cead di sa deireadh dul chun na Spáinne, d’éis di a cuid gruaige áille a ghearradh agus éadach buachaillí a chur uirthi. Dá bhárr seo, ainmníodh ‘Gráinne Mhaol’ í.

Sa bhliain 1546, agus í 16 bliana d’aois, phós Gráinne Dónal ‘a’ Chogaidh’ Ó Flatharthaigh. Thaispeáin sé dá mhnaoi conas dul ar bord loinge. Rinne sí iascaireacht, trádáil agus d’freastail sí go maith ar ghnáth-mhuintir na h-áite.

Sa bhliain 1565, fuair Dónal bás mar gheall ar aighneas faoi chaisleán. D’fhill a bhaintreach, í 23, ar ais go taillte a clainne i Maigh Eo, le buíon saighdiúrí. D’fhan a cuid leanaí ina diaidh, chun a n-oidhreacht a chosaint. Bhí sé ríthábhachtach dóibh a nGinealach a chruthú. Do chainteoirí Gaeilge, tá brí ainmneacha fónta.

Insítear finscéal gur ghoid tiarna maoin ó Ghráinne, gur theith sé go séipéal le haghaidh tearmainn. D’fhan sí go dtiocfadh an gadaí amach, ag rá go bhféadfadh sé géilleadh nó bás a fháil den ocras. Rinne an gadaí tollán amach agus d’éalaigh sé. Bhris díthreabhach, a thug aire don eaglais, a gheallúint chiúnais, ag rá nár cheart di an tearmann a shárú. Bí sé mícheart: ní dhearna sí amhlaidh. mhachtach ar Thalamh agus ar Mhuir) mana an an Libia.
Bhí longa gasta aici agus d’fhéad sí dúshlán a thabhairt do cheannairí Shasanacha. Caith siad dola a íoc nó a gcuid lasta a chailliúint. Níor cumadh an teideal ‘An Bhanríon Bhradach’, a tugadh uirthi, de réir Dlíthe na mBreithiúna. Ní úsáidtear é i nGaeilge. Bhí taithí fada aici ar bhagairtí.

Truaillíodh a hainm i gcáipéisí comhaimseartha Béarla mar Grany O’Maly, Grany Imallye, Granny Nye Male, Grany O’Mayle, Granie ny Maille, Granny ni Maille, Grany O’Mally, Grayn Ny Mayle, Grane ne Male, Grainy O’Maly agus Granee O’Maillie.
Gráinne Ní Mháille, An Bhanríon Mhuir As Chonnacht
Le linn ionsaí ó long Sasanach, tráth dá raibh, dhreap sí an rigáil. Rinneadh ionsaí óna chúl ar a hathair. Léim sí síos agus thuirling ar a ionsaitheoir. Chun a seasamh in éadan Gabhálaithe Sasanacha a choinneáil, a ghlan teaghlaigh Ghaelacha, gan stad gan staonadh, amach óna gcuid tailte, b’éigean di comhghuaillíocht nua a dhéanamh. Chuaigh Gráinne go doras Chaisleán Rockfleet, i 1566, agus mhol sí pósadh do ‘Risteárd an Iarainn’ Bourke, a rinne a saibhreas ag mianadóireacht iarainn.

Sa bhliain 1558, throid Risteárd an Iarainn, lena athair Daithí, i gcoinne Richard Burke, An 2ú Iarla Clanricarde, le 1,200 Gallóglach. Is minic a throid fir na hAlban, ar a ndáila san, na Sasanaigh annseo. B’iad na filí agus na baird a mhúnlaigh tíortha na Alban, na h-Éireann agus Oileán Mhanann, mar aonad cultútha amháin, ar a tugtaí an Ghaeltacht. (Nach suarach an sgeul inniubh.) Thaistil siad idir an trí thír, ag ceiliúradh an cheoil agus ag coimeád comhionannas na teangan.

Rockfleet
https://www.mayo-ireland.ie/en/about-mayo/history/grace-omalley-the-pirate-queen.html

Deir traidisiún gur phós an lánúin, de réir Dhlíthe na mBreithiúna, ‘ar feadh bliana cinnte’. Fuair Gráinne smacht ar Oileán an Chláir, ar Chuan Mó agus, chomh maith, ar mhaoin a fir chéile nua – curtha san áireamh Caisleán Rockfleet. Scar siad óna chéile tar éis bliana, an uair a ghlaoigh sí amach as fuinneoig: “A Risteárd de Búrca, déanaim tú a dhíbhe”. Le comhaontú frithpháirteach, choinnigh sí caisleán a fir chéile agus d’fhan sí ina chomhghuaillí.

Ó chlainn eile, bhí Risteárd Sasanach de Burgh, 2ú Iarla Clanricarde, ar an ndrabhlás, mar a bhí a athair, Uilleag de Burgh, an 1ú Iarla. Tugtaí Uilleag na gCeann air, bhí sé chomh brúidiúil san. Ma’s ea, tiontaíodh é chun Protastúnachais. Thug muintir na háite ‘Sasanach’ ar a mhac, toisc an neamhshuim a bhí aige ar mhuinntir na hÉirinn. [Glacadh leis an ainm ‘Breathnach ‘ tar éis do na Sacsanaigh ainmneacha agus logainmneacha Siúiteacha a mhúchadh go huile is go hiomlán i Sasain – .i. bhí athbhrandáil riachtanach.]

Bhí sliocht ag Uilleag le triúr ban céile agus le mnáibh eile. Ar deireadh, ar aon chuma, ceapadh Risteárd mar An 2ú Iarla, agus bhí go leor mná-chéile agus mná leapa aige freisin (mná Gaelacha fíor-bhochta, ar ndóchaidh), a bhí beo, den chuid is mó, ag an am gcéanna. Chuir sé a chéad bhean-chéile ar leataoibh – máthair a mhic dlisteanaigh. Chuir sé síofrógacht ina leith – gidh go raibh ard-sheasamh sóisialta aici. Níor cheadaigh Dhlíthe na mBreithiúna d’athreachaibh a gcuid iníonacha a dhiúscar. I 1567, i nduibheagán morálta, d’iarr an t-Iarla ón mBanríon Eilís I, tailte, a tógadh ó Orduithe Reiligiúnacha, a cuireadh amach as a ngabháltas, a dheonú dó.

Ar aon chuma roghnaigh Gráinne, Caisleán Oileán an Chláir mar dhaingean, thar Rockfleet agus a cuid caisleán eile. Bhí Oileán an Chláir i lár a ríochta muirí. Ba ghnách léi rópaí feistithe a gaille a cheangal lena leabain, trí fhuinneoig a seomra leapan, le go mbeadh sí in ann dul ar bord ar an toirt.

Richard Bingham, Gobharnóir Sasanach ar Chonnacht (Pictiúir: Wikimedia)

Mar gheall ar easpa ioncaim, athosaigh sí ar cháin ar longa Sasanacha a ghearradh. Tar éis ruathar nár éirigh leis, cuireadh i bpríosún í. Scaoileadh saor í ar gheallúint stop a chur le cáin a ghearradh ar na mairnéalaigh. Mar sin féin, bhí cúrsaí ag éirí ní ba dheacra do Ghráinne, de réir a chéile. Bhi dlí Shasana ag leathnú amach agus bhí teideal Gaelach ar tailte á mhúchadh aige. Do thit mion-uaisle Gaelacha, nár ghéill don fhoréigean, as radharc.
https://celticlifeintl.com/the-pirate-queen/
Chloígh Gráinne le dlíthe agus cleachtais Ghaelacha, in ainneoin an chos ar bolg Sasanach agus laige dílseachta na gClanna. Sa bhliain 1580, tar éis 15 bliana de chathláin agus gnóthaíochtaí, bhronn Sir Nicholas Malby ridireacht ar Risteárd an Iarainn agus tugadh an teideal ab airde i gConnacht dó, teideal MacWilliam.

Tar éis don bheirt fhear bás a fháil, ceapadh Sir Richard Bingham mar Ghobharnóir ar Chonnacht – i 1584. Mheas Bingham “Níor éist na hÉireannaigh ariamh le focla ach le claimhte” – ba chleachtas coilíneach é arm a chur i gcoinne sibhialtach. Chuir sé éirí amach faoi chois i 1585, ag craobhacha éagsúla desna Búrcaigh, le déine mór. Tháinig fórsa 2,000 amhas Ghaelach na hAlban go Connacht ina dhiaidh sin, chun cúnamh a thabhairt dosna Búrcaigh. Rinne sé ár ortha.
Rug Bingham ar Gráinne, sa bhliain 1586, agus bheartaigh sé í a chrochadh, agus í 56 bliana d’aois. Mar sin féin, tharraing sé siar uaidh seo. Ach thóg sé a cuid eallach, a cuid talún agus a cuid longa uaithi, gur fágadh beo bocht í.

Rinne Richard Bingham cogadh ciúin ach fuilteach, agus an tOrdú Gaelach á mhúchadh aige, thar tríocha bliain. Ghabh sé mic Ghráinne, Theobald agus Murrough agus a leath-dheartháir Dónal na bPíopaí – Ceoltóir – i 1593. Rinne Gráinne achainí ar an mBanríon Eilís I. Theith Bingham go Sasain, ar eagla go raibh sí chun é chúiseamh. Rinne Gráinne turas stairiúil, ag seoladh suas an Thames, chun bualadh le Elisabeth, a bhí i gceannas ar Sasain tar éis bhás Annraoi VIII, i 1547.

Agus í ag caitheamh gúna breá, bhuail Gráinne leis an mBanríon i bPálás Greenwich, le baill dá Cúirt Ríoga i láthair. B’í an t-aon teanga a bhí ag an mbeirt acu ná Laidin. Níor umhlaigh Gráinne: ba bhanríonacha an bheirt acu. Bhí anacair phearsanta acu ar aon ina saol. Bhí máthair Elizabeth, Anne Boleyn, geallta faoi dhó roimh a bainis rúnda le hAnnraoi, i 1533. Chuir sé chun báis í i 1536, as tréas agus cúisimh eile, agus phós sé Jane Seymour (an tríú duine as seisear) an lá dar gcionn. D’fhéadfadh an bheirt bhan teacht ar chomhaontú.

Scaoil Elisabeth Theobald, Murrough agus Dónal saor. D’aontaigh Gráinne seirbhís chabhlaigh a sholáthar agus gan cháin a ghearradh ar árthaigh cheannaithe Shasanacha. I gCogadh na Naoi mBlian, a lean ó 1593 go 1603, d’fhill Bingham go hÉirinn agus i 1594 cuireadh trúpaí ar tailte Ghráinne. Chuir Aodh Ó Néill agus agus Aodh Rua Ó Domhnaill, na hardflatha Gaelacha móra deireanacha, i gcoinne an chomhshamhlaithe Shasanaigh. Bhí ar Ghráinne tacú leis na taoisigh reibiliúnacha seo.

D’éag Gráinne sna seachtóidí luatha, i gCaisleán Rockfleet, c1603, nuair a d’éag Elizabeth freisin. Choinnigh Gráinne cleachtais agus prionsabail na Sibhialtachta Gaelaí go hionraic. Tá sí beo fós, i gcuimhní cinn na ndaoine i gCúige Chonnachta, an bhean a ba dhílse is b’iontaighe a raibh ann. Lena linn, bhí Éire fós lán-Ghaelach agus cloíamar le dlíthe cearta, a chuaigh siar na mílte bliain. Úsáideadh iad fós i nDún na nGall, i dtrádáil caorach, i gcuimhní cinn an an ghlúin a d’imthigh romhainn.