Tháinig Connacht slán ó ionsaí an Ghinearáil Lake. Ar an Tarna lá is Fiche de Lúnasa, 1798, tháinig an Ginearál Humbert ón bhFrainnc, go Cill Ala, Condae Mhaigh Eo.
Lean troid ghránna ar aghaidh. Tugadh ‘an Croch Taistil’ ar Cheannasaí Shasanach ag Gránard, darb ainm Heppenstall dó. Chaithfeadh sé íospartach thar a ghualainn – le rópa timpeall a mhuineáil – agus léimfeadh sé annseo is annsiúd go dtí go mbeadh an créatúr bocht marbh.
Nuair a d’éirigh na Sasanaigh tuirseach den chrochadh, d’fhág siad príosúnaigh a bhí fágtha, ceangailte suas, ina luí ar an mbóthar, thar oíche. Ar maidin, seoladh tréad eallach tharstu. Rinneadh duine ar bith a bhí fós beo a lámhach. Sna laethanta dár gcionn, thosaigh na saighdiúirí, gan aon bhac ortha, ag léasadh is ag marú daoine agus ag loscadh tithe, ar fud na tire, chun daoine a chosc ar troid leis an nGinearál Franncach
Tar éis na gníomhaíochta i mBéal Átha na Muc, mháirseáil an reisimint go Carraig na Sionainne áit a raibh cúpla céad reibiliúnach sa teach cúirte. Tháinig ordú go ndéanfaí méad áirithe díobh a chrochadh gan trua gan taise – agus scríobhadh ‘Bás’ ar phíosaí páipéir fhillte den mhéad seo. Cuireadh ar chrainn é chun a fháil amach cé a crochfaí. Ach onnmhairíodh príosúnaigh eile, mar sclábhaithe, chuig coilíneachtaí mar an Astráil agus an Tasmáin. Tré úsáid ‘Bhuannachta’ rinneadh dúshaothrú cruálach: robáil, dúnmharú, éigniú ‘gus ní ba mheasa, agus rinne na saighdiúirí é seo, beag beann ar na hiarmhairtí.
B’amhlaidh gur thóg Éire, Banba agus Fodhla, ár dtriúr Banphrionsa – i bhfeighil na Talún agus na nDaoine, na Cosanta agus na Foghlamtha – céim siar eile i dtreo na doiléire. Agus bhí an Gorta Mór fós le theacht, i 1845.