‘Sí an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil sa Stát seo. Brúann constaicí nach gá ar lucht a labhartha.
Mar shampla i litir i nGaeilge, d’Uisce Éireann, ar 14/12/2015, le cóip de – curtha chuig an Coimisinéar Teangan, dúradh go raibh billí i mBéarla ag teacht maille le maoin nár cláraiodh leobhtha. Níor reagar an Chomhlucht an litir is níor mhínigh siad conas ar fuair siad seoladh na maoine seo, tógtha san áireamh an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (nó – ÓR GÉ CÉ ESS). Ar an nguthán dóibh, agus an rogha tógtha ag an gcustaiméir, fá choinne seirbhís as Gaeilge a fháil, déarfadh Guth Leictreonach go mbeadh sé ag feitheamh le tuairim is dhá lá sul má bfhaighfeadh sé freagra. Cuireadh iachall air Béarla a labhairt leis an gComhlucht (agus b’obair in aisce í sin).
D’fhreagar an Coimisinéar Teangan an litir, ar 17/12/2015, ag rá nach raibh sé freagrach as Uisce Éireann. Ar 3/3/2016, cuireadh litir ag an Om-bud-óir. Dúirt seisean fosta nach raibh sé freagrach as Uisce Éireann, ach an oiread, agus ba cheart an cheist a tharchur chun an Choimisiún um Rialáil Fuinnimh (CÉ-Ay-ÓR). Bhí an chomhairle seo deacar a thuigbháil. D’iarradh focal comhairle ón gCoimisinéir Cosanta Sonraí, dá bharr, agus dúirt seisean (as Gaeilge) gur cuireadh ar leathtaoibh dlíthiúlachtaí éigin a bhain le sonraí príobháideacha – ionas go dtiocfadh le Uisce Éireann ar daoine chun billí do chur chucu. Dúirt sé go raibh sé de cheart agam ‘fháil amach cé thug an seoladh d’Uisce Éireann, tré thimpist.
Níor chuir Uisce Éireann stop le h-eisiúint billí i mBéarla. I litir i nGaeilge, ar 23/3/2016, chuig an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (an Dé ó ÉÉ), fiafraíodh cén fá go raibh billí ag teacht ó Uisce Éireann gan stad. Ag tagairt do dháta na litreach go mí-cheart agus gan trácht ar na ceisteanna eile a d’eascraigh, mholl an Roinn, ar 26/4/2016, comhairle a ‘fháil ó CÉ-Ay-ÓR agus chuir sí a litir ar aghaidh go h-Uisce Éireann, le freagra a ‘fháil díreach uatha (níor fuarthas a dhath ar bith uatha).
Le Cuntas Thar Ré mícheart, arís eile ó Uisce Éireann, arna dhátú ar 31/5/2016, do scríobhadh litir fá dheireadh, ar 13/6/2016, do CÉ-Ay-ÓR, le docoiméadaí cúlra, fá iamh. Ar 7/2016 léirigh CÉ-Ay-ÓR i nGaeilge, i litir pro-forma ceithre leathanach, i gcló-bhuaileadh beag, mion-shonraí na riachtanas dleachtúla a gcaithfí a chomhlíonadh sul má bhféadfadh leobhtha dul i gcomhairle le duine. Cinnte go mba bac bóthair an litir seo, a bhí réidh le cur ós comhar aon Ghaeilgeoir, a thiocfadh an tslí. I ndeireadh na dála, agus raic pholaitíochta i gcoinne na dtáillí uisce ag fás, cuireadh deireadh leobhtha roimh gá a bheith ann, dlíodóir le Gaeilge, a fhostú. Níor freagraíodh na ceisteanna a ardaíodh go fóill.
Ní hannamh a nglactar le cleachtadh an Íostachais, mar a sontraítear annseo, mar ghnáth-pholasaí sa tSeirbhís Phoiblí. Sa tSic-eol-ee-ocht, cuirtear Leisce Cognaíoch air an ngnás: faightear réiteach fo–optamach dá bharr, i raon gníomhaíochtaí nach beag, a ‘tchítear go minic sa nuacht.
Ba mhian le thart ar 67% de mhic léinn sa tríú leibhéal (a d’fhág an dara leibhéal ar na mallaibh), an Ghaeilge a bheith ina ábhar scoile éigeantach (suirbhé déanta ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn ar 15/03/2021). Agus iad ag rá gur chóir go mbeadh an teanga éigeantach, ní dúirt ach 5% díobhtha gur múineadh í mar theanga bheo. (Nemo dat quod non habett, mar adúirt na Rómhánaigh).
Ghabh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leithscéal le cainteoirí Gaeilge a rinne iarracht ar líne coinne a dhéanamh le haghaidh vacsaín Covid 19 ‘fháil, ach níor éirigh leobhtha. D’iarr roinnt díobhtha coinne ar an nguthán a dhéanamh – obair in aisce arís. Rinne roinnt glaoiteoirí gearáin ina dhiaidh sin, nach raibh aon oibreoir Gaeilge ann. Leithscéal na Seirbhíse Sláinte é, dá gcruthódh siad córas áirithinte le roghanna idir theangacha éagsúla, nach gcloífí le spriocdhátaí an fheachtais. Níorbh í iliomad teangacha an cheist. Tá treoir ar line ag Seirbhís Sláinte na hÉireann sna teangachaibh a leanas:
Béarla, Béarla/Albanais, Béarla/Arabais, Béarla/Bulgarais, Béarla/Iaránais, Béarla/Frainncis, Béarla/Seoirsis, Béarla/Curdais, Béarla/Paisto, Béarla/Pólainnais, Béarla/Portungéalais, Béarla/Rómáimis, Béarla/Somáilis, Béarla/Spáinnis, Béarla/Urdu,
Léiríodh i tuarascáil i 1/2022 an damáiste a rinne an tSeirbhís do leanaí maille le meabhair-shláinte i gCiarraí Theas agus an neamh-aird ar dualgas suas agus síos an líne riaracháin.